top of page

Curaclam na Gaeilge / Irish Curriculum

Mater Dei Academy provides a comprehensive six-year programme in Irish language in the classical tradition, culminating in the Irish Leaving Certificate examination. Our four year junior cycle Irish programme combines a sound basis in grammar with entertaining literature and current affairs. A summary of the four year junior cycle Irish programme is given below. 
Image by Aldo De La Paz

Gaeilge I

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

Tír gan teanga, tír gan anam,' a dúirt an Phiarsach agus tá an ráiteas chomh fíor inniu is a bhí sé inné. Tá fréamhacha doimhne na Gaeilge fite fuaite le hoidhreacht agus cultúr Críostaí na hÉireann. Cuireann fiú na beannachtaí is simplí ar nós ‘Dia duit’ agus ‘Dia linn’ béim ar thionchar urghnách na Críostaíochta ar an nGaeilge agus ar thionchar dochreidte na Gaeilge ar fhoirmiú chreideamh mhuintir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain. Murab ionann agus a macasamhla Béarla, tá áilleacht, ceol agus ord uile a fhréamhacha Laidine sa Ghaeilge. Is í an Ghaeilge croí dosheachanta ár gcultúir, ár n-oidhreachta, ár staire agus ár náisiúin. Is mór an fhreagracht í a labhairt chomh cruinn agus is féidir. Ba mhór an cúnamh é chun líofacht a chothú an Ghaeilge a bheith mar theanga chaidrimh san Acadamh go coitianta. Mar a

deirtear, 'Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste'

Image by Rory Hennessey

Gaeilge III

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

De réir mar a éiríonn an mac léinn níos líofa agus níos muiníní sa teanga, feabhsaíonn a chumas scríbhneoireachta. Tá an mháistreacht seo ar an bhfocal scríofa ríthábhachtach do ghrá fadtéarmach na teanga. Ligeann sé freisin don mhac léinn teagmháil a dhéanamh leis an domhan thart timpeall trína theanga dhúchais. Mar fhocal scoir, is buntáiste é a bheith ábalta cuid den mhórfhilíocht sa Ghaeilge a mheabhrú agus a aithris, a fhanfaidh leis an mac léinn go deo.

Image by Michael

Gaeilge II

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

‘Indiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.’ Le linn na bliana seo, leanaimid den obair mhall, shaotharach i dtreo mháistreacht na Gaeilge. Tógtar am, fuinneamh is foighne chun na naisc láidre idir rialacha Laidine agus rialacha na Gaeilge a thuiscint. Ach le tuiscint chumasach ar struchtúr agus ar chomhréir na teanga, eiríonn leis an mac léinn, diaidh ar ndiaidh, le misneach is muinín, teanga a sinsir a labhairt agus a scríobh. I ndeireadh na dála, bíonn an mac léinn in ann Gaeilge labhartha a thuiscint le toil agus bíonn sé réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile; máistreacht na

scríbhneoireachta..

Image by Nils Nedel

Gaeilge IV

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

Is cuid nádúrtha den fhoghlaim teanga é botúin a dhéanamh agus is cinnte go dtagann deacrachtaí chun cinn le linn d’fhoghlaimeoirí a bheith ag iarraidh an teanga a úsáid. Cabhraíonn straitéisí cumarsáide leis na mic léinn a bheith níos éifeachtaí agus iad ag caint, mar go mbíonn siad ag pleanáil na rudaí atá le rá acu. Coinneáiltear súil ar conas atá ag éirí leo agus glactar céimeanna le rudaí a cheartú nuair a thagann fadhbanna chun cinn. Cabhraíonn straitéisí cúitimh leo teacht slán nuair a bhíonn bearnaí ina gcuid eolais a chuirfeadh bac ar an gcumarsáid. Faoi dheireadh na bliana, beidh an mac léinn muiníneach leis an nGaeilge thar aon ábhar eile.

bottom of page